Wed. Mar 19th, 2025

Conradh na Gaeilge ag iarraidh an teanga Gaeilge a chur chun cinn thear lar 

ByCatherine Duggan

Thursday, 24 October 2024, 10:15 , ,
image by: Conradh na Gaeilge
Tá Conradh na Gaeilge ag obair in éinneacht le Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada, chun an teanga a spreagadh trasna an fharraige, trasna meáin shóisialta. 

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an an bhfeachtas in 2017. Is í aidhmh an feachtas Gaeilgóirí a nascadh le chéile ar na meáin shóisialta. “Nascann sé daoine ó mhic léinn Gaeilge i gCeanada, go cainteoirí dúchais anseo in Éirinn. I mbliana beidh daoine ag glacadh páirt ón Astráil go Meiriceá agus ó Mhór-Roinn na hEorpa go Maigh Eo”, a dúirt Orlaith Nic Gearailt ó Conradh na Gaeilge. 

Iarann an Conradh ar daoine iad féin a cur in iúl trí meá na Gaeilge ar líne agus trasna na meáin shóisialta. An aidhm don feachtas seo ná chun an teanga a chur chun cinn agus Gaeilgeoirí ar fud an domhain a nascadh lena chéile, “Na príomhspriocanna atá againn i mbliana ná an deis a thabhairt do dhaoine a scéal leis an nGaeilge a insint.” insíonn Nic Gearailt.  

Tionólfar réimse imeachtaí laethúla ar líne ar Zoom le linn sheachtain an fheachtais, ina measc; rang sean-nóis, ciorcail chomhrá, seisiún ióga as Gaeilge agus seisiún ceol traidisiúnta. Chomh maith le sin, beidh comórtas grianghraif ar Twitter agus Instagram inar féidir duais €100 a bhuachaint. Tá na himeachtaí oirriúnach do daoine a bhfuil in Éire, nó thar lear.  

Ag labhairt faoi na meáin agus a ról san bhfeachtas deireann Nic Gearailt “Tugann siad deis do dhaoine nascadh le Gaeil eile ar fud an domhain agus imeachtaí na seachtaine a fheiceáil beo. Is áis iontach atá ann do dhaoine le nascadh le Gaeil eile le húsáid breise a bhaint as a gcuid Gaeilge”.   

Is feachtas tábhachtach é seo chun cómhrá as Gaeilge a tosnú ar líne, tá Conradh na Gaeilge cinnte go mbeidh na himeachtaí cumhachtach igcomhair Gaeilgóirí den céad scoth, cainteoirí dúchais agus iad siúd a bhfuil ag tosnú amach. Chuireann an Conradh fáilte roimh rannpháirteach as gach cearn den domhan, chun an teanga mhionlach seo a céiliúradh agus í ag dul ó neart go neart.  

Is féidir leat páirt a glacadh trí poist a roinnt ar líne, páirt a glacadh sna himeachtaí nó cómhrá a tonsú as Gaeilge. Ag iarraidh daoine a spreagadh, deireann Nic Gearailt “Is minic go ndeireann daoine gur mhaith leo tuilleadh Gaeilge a úsáid, seo do dheis”! 

Is féidir tuilleadh eolais a fháilt ar www.trasnanadtonnta.ie.   

#TrasnanadTonnta ar X (Twitter) 
https://twitter.com/Alexandra_Phil_/status/1600840023770816512
Keywords