Features

“Mar go bhfuil mé fós beo, beidh an teanga beo.”

Tá todhchaí na Gaeilge ag féachaint an-dóchasach, céad fiche cúig bliain i ndiaidh bunú Conradh na Gaeilge.

Ag ceiliúradh Bliain na Gaeilge, dúirt Uachtarán Saol, an mac Léinn Ciara Jo Hanlon go bhfuil dualgas orainn an teanga a spreagadh, agus go mbeidh sí beo, mar go bhfuil Gaeilgeoirí ann.

Dúirt sí: “Mar go bhfuil mé fós beo, beidh an teanga beo.

Táim an-dóchasach as todhchaí an teanga.

Tá níos mó daoine ag labhairt as Gaeilge ná mar a bhí caoga nó seachtó bliain ó shin agus ceapaim go bhfuil sé go hiontach ar fad.”

Tá a lán imeachtaí ar siúl timpeall na cathrach agus timpeall na tíre anois ag ceiliúradh Bliain na Gaeilge, mar shampla  CAINT & COMHRÁ – CATHAIR LUIMNIGH. Bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl i Starbucks ar Sráid Thomáis i gCathair Luimnigh ag a 7 um thráthnóna i rith mí Dheireadh Fómhair.

Chomh maith leis sin, tá Ceol 2018 ar fáil i mbeagnach gach siopa ceol nó ar líne, le ceoltoirí ar nós Kodaline, The Coronas, Picture This, Sibéal agus The Cranberries ag spreagadh na teangan.

Ag freagairt, dúirt sí: “Tá sé go hiontach agus dochreidte. Tá an dlúthdhiosca agam i mo charr. Is aoibheann liom amhrán a haon, saghas dán nó scéal beag faoin teanga á rá ag Saoirse Ronan agus Macklemore.”

Cé nach bhfuil aon rud amháin faoi leith ar siúl timpeall Ollscoil Luimní i mbliana, tá go leor áiseanna ar fáil, ina measc  Aonad na Gaeilge.

Tá an Official Languages Act 2003 mar chuid den Strategic Plan: Broadening Horizons.

Is é a sprioc ná húsáid na Gaeilge a chur chun cinn ar an gcampas tríd oiliúint.

Thairg siad An Seomra Gaeilge, áit scíthe chun an teanga a chleachtadh agus barr feabhais a chuir uirthi . Tá fáilte roimh gach saghas duine  freastal.

Chomh maith leis sin, tá Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach ar fáil do dhaltaí nó baill foirne tríd Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide. Tá 12 modúl are siúl, mar shampla  Scríbhneoireacht & Scileanna an Léinn, An Cleachtas Dátheangach agus An Traidisiún Béil.

Ag caint faoi thábhacht an teanga, dúirt Ciara Jo: “nach bhfuil sé ró- dheacair a fhoghlaim.

Má tá an suim agat, tá deiseanna ar fáil timpeall na tíre, go háirithe san oideachas agus i gConamara le TG4.”

Ag críochnú, dúirt sí: “Is cinnte go bhfuil an teanga ag fás i Luimneach – tá dhá Ghaelscoil againn cheana féin le níos mó ná míle dalta.

1,919 total views, 5 views today

Click to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Most Popular

To Top

Powered by themekiller.com anime4online.com animextoon.com apk4phone.com tengag.com moviekillers.com